Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí

Bunaíodh Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí in 2005 agus cuimsíonn sí Roinn na gClasaicí, Roinn na Staire, Roinn Stair na hEalaíne agus Lárionad Léann na hInscní agus na mBan. Tá clú agus cáil go hidirnáisiúnta ar an Scoil as a próifíl taighde i raon ollmhór disciplíní agus réimsí ábhair, lena n-áirítear seandálaíocht, fealsúnacht, teanga agus litríocht na Laidine agus na Gréige, stair chlasaiceach, stair mheánaoiseach agus nua-stair, stair ealaíne agus ailtireacht agus léann na n-inscní agus na mban. Tá ceangal díreach idir an scoil agus ocht gcinn de na lárionaid taighde daonnachaíocha is fearr i gColáiste na Tríonóide. Cuirimid go leor deiseanna ar fáil do staidéar fochéime agus iarchéime, lena n-áirítear cláir staidéir idir téarma amháin agus bliain amháin do mhic léinn idirnáisiúnta ar cuairt. Tá clár cúrsaí seachtracha éagsúil agus spreagúil ag an scoil chomh maith.